Tá ár gcuid ceardlanna ar fáil trí mheán na Gaeilge, idir cleachtais ealaíne, íoga agus folláine.
Tá ár gcuid imeachtaí ealaíne agus ceardlanna folláine ar fáil trí mheán na Gaeilge. Mar shampla:
- Tá cúrsa ar-line ar fáil fríd an tsuíomh seo, Aireachas ’s Ealaín, le giota suaimhneas intinne, íoga agus treoracha ar conas a dhéanann tú Mandalas. Bí i dteagmháil, má tá suim agat ann.
- Físbhlag ar son Lá Idirnáisiúnta na mBan
- Mo Bhagáiste – Dráma bunaithe ar shaol agus ar shaothar Sheosaimh Mhic Grianna, Scríbhneoir & Aisteoir: Pól ó Gallachóir, Stiúrthóir & Dearthóir: Maria Coleman, Comhcheol Arts and Wellness, Léirthóir: Liam Carson, IMRAM (déan teagmháil chun an físeán a fheiceáil.)
- Beoga (clár íoga agus sláinte meabhrach do dhaoine óga).
- Gaeilge agus ‘Boomwhackers’ do dhaltaí scoile. (Rinneadh ceardlanna le linn Seachtain na Gaeillge 2020.)
- Rinneadh clár teilifíse do pháistí, “Mo Shaol Do Shaol’ le TG4 i 2019.
- Cámpaí samhraidh (Gaeilge, ceol, íoga, dearadh digiteach). Rinneamar campaí i 2018 agus 2019 sa ‘Wellbeing Hub’ agus le CDP na Rosann.
- D’obair muid le Rannóg na Gaeilge (Co. Co. Dhun na nGall) ar thumchonaí a rinne siad i 2019.
- D’obair muid le Ógras, ar thumchonaí a rinne siad i 2019.